Sunday, July 19, 2015

Scoil an Fhoréigin

Suite i gcroílár chathair Phnom Penh sa Chambóid tá scoil darbh ainm Tuol Sleng, meánscoil a tógadh sa bhliain 1962. Tá an scoil roinnte i dtrí fhoirgneamh, lonnaithe in aice le dhá gháirdín, ionas gur féidir leat gáirdín agus foirgneamh eile amháin ar a laghad a fheiceáil agus tú ag siúl ó sheomra ranga go seomra ranga. Tá na foirgnimh ard, chuile ceann acu le trí stór, is cúig sheomra ar gach stór. Tá na seomraí mór, le fuinneog i ngach ceann acu, solas geal na cathrach ag síleadh isteach. Scoil í seo a tógadh chun oideachas a chur ar fáil do dhéagóirí na cathrach, agus ar cheart a bheith lán le beocht agus le gáire na scoláirí.

Fanann na seomraí seo folamh, áfach. Sa bhliain 1975, ghlac Pol Pot agus a airm seilbh ar an scoil, agus casadh ina phriosún é. S-21 a tugadh air ag an am mar ainm rúnda. In ionad ranganna, úsáideadh na seomraí anseo mar sheomraí ceistiúcháin agus céasta, ina cuireadh an airm iachall ar phriosúnaithe bréagadmhálacha a dhéanamh is a shíniú, is daoine "ciontacha" eile a ainmniú. Ceanglaíodh na priosúnaithe do leapacha miotail-atá le feiceáil sna seomraí fós-sular ionsaíodh iad. In ionad an fhoghlamtha is an oideachais, seomraí lán d'fhulaingt a bhí iontu, ina dtarraingíodh ingne barraicíní is méara agus briseadh cnámha.

Daoine léannta don chuid is mó a bhí i gceist leis na priosúnaithe féin. Dar le Pol Pot, sheas na daoine seo do chuile shórt a bhí mícheart leis an gCambóid sna seachtóidí- cosmhuintir na tíre ag iompú i dtreo nósanna an iarthair, ag iarradh oideachas a chur ar fáil dá bpáistí agus dearmad a dhéanamh ar thraidisiún agus ar chultúr (an bhochtanais) na tíre. Bhí sé mar aidhm aige an tír uilig a ath-athstructurú chuig nósanna maireachtála traidisiúnta, ina mbeadh chuile dhuine ag obair le chéile i bpáirceanna ríse, is gan gá ar bith ann do scoileanna nó oideachas de shaghas ar bith. Más rud é go raibh spéaclaí á chaitheamh ag duine, nó lámha deas néata acu (rud a léirigh nach mbídís ag obair sna goirt), gabhadh is cuireadh i bpriosún iad. An Khmer Rouge a tugadh ar an gcóras millteanach seo, a mhair ceithre bliana ó 1975-1979.

Théis do na daoine seo a chéasadh, cuireadh chun báis iad sa "bhaile nua", mar a tugadh air, nó na "Páirceanna Maraithe" mar is fearr aithne ar an áit anois, áit ina maraíodh na mílte toisc nár réitigh siad le híomhá dhéistineach Pol Pot. Feictear éadaí na n-íospartach ar an talamh fós, fiú a gcuid chnámha in áiteanna freisin. Tá túr ollmhór ann chomh maith lán le cnámha, blaoscanna, agus airm éagsúla a úsáideadh chun na daoine seo a mharú, toisc praghas na bpíléar a bheith ró-ard. Daoine seiftiúla a bhí in airm an Khmer Rouge, is léir. 

Ionsaí ollmhór a bhí i gcóras Pol Pot ar chosmhuintir na tíre seo. Fulaingíonn an tír fós de bharr caimiléireachta sa pholaitíocht anseo chomh maith leis mar gheall ar an mbochtanas. I gcomparáid le Tuol Sleng, is iomaí scoil atá ar oscailt sa tír anois, cé go bhfuil mórán teaghlach ann gan a dhóthain airgid acu na páistí a chur ag an scoil, nó fiú iad a bheathú i gceart. Is é an t-oideachas doras don todhchaí. Gan na seomraí ranga líonta le daltaí de chuile aois, mar ba chóir a bheadh ann i Tuol Sleng, ní thiocfaidh deireadh le fada an lá d'fhadhbanna tragóideacha na Cambóide.

Thursday, July 16, 2015

Tuiscint ar an gCogadh

Caithfidh mé a admháil, sara tháinig mé go Vítneam ní raibh mórán ar eolas agam faoi stair na tíre. Cinnte, bhí a fhios agam go raibh cogadh ollmhór anseo idir Thuaisceart Vítneam, agus na Stáit Aontaithe agus Deisceart Vítneam, agus gur chaill na Meiriceánaigh, ach seachas sin níor thuig mé mórán de scéal an chogaidh.
Maith dhom an t-aineolas. I ndáiríre, ní tír í seo a bhfuil cuma an chogaidh nó na fulaingthe uirthi. Anseo sa chathair Ho Chi Min (nó Saigon mar a tugadh uirthi cheana, agus mar a thugtar uirthi go neamhfhoirmiúil go fóill) tá cuma nua-aimseartha ar na daoine agus ar na foirgnimh araon. Is cathair í seo le rian na hEorpa uirthi ar shlí, i bhfad níos cosúla le cathracha na hEorpa ná atá Hanoi, mar shampla.
Ní fhéadfainn teacht anseo, áfach, gan iarracht a dhéanamh tuiscint níos doimhne a fháil ar an gCogadh Meiriceánach, mar a thugtar air anseo. Ghlac gaolta liom páirt in agóid ina choinne i Londain sna seascaidí nó sna seachtóidí. Tuigim mar sin go raibh an cogadh seo go mór i mbéal an phobail sa bhaile ag an am, agus go raibh tionchar ag an gcogadh seo ar mheon na glúine níos sine ná mé, mar sin, agus, dár ndóigh, ar pholaitíocht an lae inniu go hidirnáisiúnta.
Suite i lár na cathrach i Ho Chi Min tá Iarsmalann an Chogaidh, áit a bhfuil grianghraif, iarsmaí agus eolas ar fáil inti faoin gcogadh. Taobh amuigh, feictear gunnaí ollmhóra a d'úsáid airm Mheiriceá san fheachtas míleata i gcoinne an Viet Cong, airm thuaisceart na tíre. Taobh istigh, i measc neart eile, tá grianghraif agus cur síos ann ar ionsaí éagsúla a rinne na Stáit Aontaithe ar an tír, go háirithe ar na cinn ina maraíodh cosmhuintir na tíre in ionad an Viet Cong. Gan tuiscint dhomhain agam ar stair an chogaidh i ndáiríre, ní féidir liom breithiúnas a thabhairt ar an bpolaitíocht a bhain leis. Fós fhéin, is féidir liom a rá céard atá ceart nó mícheart, céard atá mórálta nó mímhórálta. Grianghraif de shaighdiúirí le greim acu ar phíosaí beaga de choirp, grianghraif de choirp pháistí agus bhan i lár páirce, an séarach féin ina chuaigh triúr páistí óga i bhfolach ó shaighdiúirí Meiriceánacha sara thangthas orthu agus a maraíodh iad. Iarsmaí déistineacha agus gránna atá iontu, a léiríonn an chuid is measa de phearsanacht an duine-fuath a léiriú agus cumhacht agus foréigean a úsáid i gcoinne daoine eile.
Bolscaireacht go pointe atá anseo, dár ndóigh, agus ní thugtar cur síos ar bith ar bheartaíocht treallchogaíochta an Viet Cong in aghaidh na Meiriceánach sa chogadh, ina maraíodh beagnach 60,000 saighdiúirí Meiriceánacha. Fianaise atá anseo freisin, áfach, ar thórthaí gránna, déistineacha an chogaidh ar an ngnáthdhuine.
Ná ligimis a bheith dall nó bodhar d'imeachtaí an lae inniu, ag ceapadh nach bhfuil a leithéid ag tarlú go fóill. Má tá an gnáthdhuine ag fulaingt de bharr fuath agus cumhacht rialtais nó airme, tá dualgas orainn uilig an scéal a fhiosrú, a thabhairt chun solais, agus a stopadh.
Ní féidir míniú a thabhairt ar cén fáth a d'fhulaing na daoine seo ach go bhfuilimidne slán sábháilte in Éirinn sa lá atá inniu ann. Ní féidir an t-ádh sin a thuiscint. Is féidir, áfach, obair i gcónaí chun cearta daonna a chosaint, agus chun a leithéid d'fhulaingthe a sheachaint amach anseo. Tá dualgaisí orainn uilig a bheith feasach agus gníomhach maidir le feachtais tubaisteacha a tharlaíonn ar domhan. Ná ligimis do chogadh eile cosúil leis an gCogadh Meiriceánach a bheith ann riamh arís.

Saturday, July 11, 2015

An Dearfacht i gcoinne an Bhochtanais

Bheartaíomar dul ar strae píosaín ó ghnáthbhealach na dturasóirí anseo agus cúpla lá a chaitheamh sa bhaile darbh ainm Phong Nha-Ke Bang, nó díreach Phong Nha, mar is fearr aithne air. Bheith macánta, ní féidir a rá nach bhfuil turasóirí anseo, ach gan amhras níl an oiread sin acu, agus níl an áit seo ar eolas ag mórán turasóirí go dtí an tír go fóill.
Deich mbliana ó shin, baile beag, iargúlta a bhí ann, suite gar do chathair Dong Hoi ar chósta na tíre. Dúradh linn go bhfuair mórán bás anseo sna 90í mar gheall ar maláire, agus gurb é Phong Nha an baile ba bhoichte sa tír fiche bliain ó shin. Sa bhliain 2009, áfach, thangthas ar uaimh mór millteach sa bhaile, a chuir tús le tionscadal ollmhór turasóireachta anseo. Tugtar Son Doong ar an uaimh sin anois, an ceann is mó ar domhan. Ar dtús, níor ceadaíodh ach do thaighdeoirí dul ar thurasanna go dtí an uaimh, agus ar na cinn ollmhóra eile a aimsíodh ina dhiaidh. Le blianta beaga anuas, áfach, tugtar cead do thurasóirí eile dul ar thurasanna sa pháirc náisiúnta, ach amháin faoi stiúir theoraithe oifigiúla. Tá rialtas agus daoine na tíre go mór le moladh as ucht an riail sin a chur i bhfeidhm.
Thugamar cuairt ar an dufair mar chuid de ghrúpa de cheathrar, faoi stiúir threoraí áitiúil darbh ainm Uy ("í"). Níl amhras ann ach go bhfuil an pháirc fhéin go hálainn, áilleacht an dúlra le feiceáil i ngach áit, gan rian an bhruscair le haimsiú ach an oiread. Bhaineamar an-taitneamh as an dúshlán a bhí romhainn dreapadh sa dufair, ag aimsiú cosáin i measc crann agus aibhneacha. Mholfainn go mór cuairt a thabhairt ar an bpáirc go héinne a bheadh ag taisteal i Vítneam. 
Níos suimiúla fós domsa, áfach, ná muintir féin an bhaile seo. Agus muid ar an mbus ag teacht isteach chuig an áit ar dtús, léim an bus ó thaobh go taobh eile an bhóthair, poill mhóra sna bóithre ar feadh uaire nó mar sin de. Is ar éigean in áiteanna go raibh go leor spáis ann d'fheithiclí eile, cé go raibh an bóthar gnóthach go leor le daoine ag filleadh abhaile théis lá oibre. Go díreach, ba léir gur áit bheag tuaithe a bhí anseo, gan an aird chéanna tugtha di ó thaobh an bhonneagair nó na hinfheistíochta de is atá le feiceáil sna cathracha móra.
Níl an rud céanna le feiceáil i measc na ndaoine anseo, áfach. Cinnte, mar atá i go leor áiteanna i Vítneam, tá botháin adhmaid le feiceáil mar thithe, cuma sean is caite orthu. In ainneoin sin, áfach, ardú meanman a bhí ann an oiread sin tógála a fheiceáil anseo. Is minic a fheictear fir amuigh ag tógáil tí anseo, iad déanta as adhmad nó as brící. Chomh maith leis sin, is léir go bhfuil go leor tithe nua-thógtha sa cheantar seo fosta, níos minice ná a mhalairt iad maisithe le péint gheal agus plandaí órnáideacha.
Bheifí buartha ar shlí go mbeadh an áit seo millte ag an turasóireacht agus ag an airgead nua seo i gceann deich mbliana nó mar sin de. Tuigim sin. Ach in ionad sin, feicim anseo daoine dearfacha, nua-aimseartha, dóchasacha agus fiontraíocha, nach bhfuil fonn orthu fanacht ag smaoineamh siar ar dhrochbhlianta an bhochtanais tar éis an chogaidh mhillteannaigh. In ainneoin an easpa oideachais atá ag roinnt daoine fásta anseo (tá go leor daoine sna 20í agus sna 30í anois gan oideachas ollscoile faighte acu mar gheall ar easpa airgid, a mhínigh Uy,-a cheannaigh foclóir Béarla agus a mhúin an teanga dó fhéin-agus go leor níos sine gan oideachas níos bunúsaí.), tá fonn ar na daoine anseo dul chun cinn a dhéanamh sa saol agus saol níos fearr a chruthú dóibh fhéin agus dá bpáistí. Ag ól beorach agus ag ithe dinnéir anocht le teaghlach áitiúil sa teach álainn nua-thógtha acu, bhí sé sin soiléir. Athróidh nósanna saoil go pointe anseo, ach fanfaidh an teaghlach anseo i Phong Nha fosta. Fanfaidh beocht sa cheantar, agus tiocfaidh tuilleadh dá bharr. Tá an-fonn ormsa teacht ar ais amach anseo agus é sin a fheiceáil.  Le go leor fáthanna againn sa lá atá inniu ann a bheith diúltach, is eiseamláir den chéad scoth é pobal Phong Nha dúinn díriú i gcónaí ar dhul chun cinn agus ar an todhchaí. Molaim go mór iad.

Sunday, July 5, 2015

Ag Titim i nGrá sa Bhialann

Níl amhras ann ach go mbaineann an-tábhacht laethúil leis an mbia anseo i Vítneam (b'fhéidir gur rugadh mé sa tír mícheart!).

Agus muid ag siúl síos na sráideanna anseo buaileann bolaidh linn ó chuile thaobh. Is fíormhinic a fheictear dream de cheathrar nó de  chúigear abair, ag suí síos i gciorcal ar chathaoireacha ísle plaistecha i lár siopa de shaghas éigin, agus iad ag ithe nó ag ullmhú béile le chéile. Tá cuma ar gach béile gur bia te atá ann-cé go bhfanann an teocht anseo idir 35 is 40 céim go fóill-agus níos minice ná a mhalairt is anraith de shaghas éigin atá á ithe acu. Léigh mé go déanaí gurb é phó anraith neamhoifigiúil na tíre seo , a dhéantar le núdail agus sicín nó mairteoil, agus théis é a bhlaiseadh an lá cheana, níl ionadh orm gurb é.

Suite ar chúinne i gcathair Hanoi tá bialann bheag áitiúil, a bhíonn plódaithe san oíche le muintir na cathrach. Isteach linn láithreach chuig an bhialann féin, na binsí uilig taobh amuigh lán cheana féin. Síos linn ar chathaoireacha ísle, lenár nglúine níos airde ná ár gcromáin, is lenár gcosa beagnach clúdaithe le siollta agus naipcíní a bhí fágtha ar an úrlár ag custaiméirí eile ní ba luaithe san oíche. Más rud é go raibh bialann ghalánta ag teastáil uainn, níorbh í seo an áit cheart dúinn. Bhí an cócaire féin ag obair ar an sráid, le potaí móra ós a chomhair, gal ag ardú uathu, is babhlaí ina dtúir ar an mboird timpeall air. In aice linn, shuigh beirt déagóirí óga, cuma orthu gur coinne de shaghas éigin a bhí ann.

Más ea, tháinig siad chuig an bhialann is fearr sa chathair. Tháinig an bia chugainn gan mhoill, dhá bhabhla lán le núdail, luibheanna, agus sicín. Le cúpla deoir líoma agus píosaín silli, ní dóigh liom gur bhlas mé rud chomh blasta céanna riamh roimhe. Buíochas le mac dílis Dé, ithtear é le  spúnóg chomh maith le cipín itheacháin a lig dom é a ithe beagnach chomh sciopadh céanna leis na daoine áitiúla! Tá cleachtadh fós le déanamh agam leis na huirlisí sin, mo léan.

Cúig nóiméad déag théis dúinn teacht, bhíomar críochnaithe  Cosúil leis an mbeirt in aice linn, is ar éigean gur labhraíomar lena chéile le linn an bhéile in aon chaoi. Sa bhaile, bheinn ag ceapadh gur drochrud é sin agus tú amuigh ar coinne le duine éigint, ach anseo ní bheinn chomh cinnte céanna. Má tá grá uait, tar chuig na bialanna sráide anseo i Hanoi. Fiú muna bhfaigheann tú leathbhádóir, gheobhaidh tú an bia is blasta a thriail tú riamh.

Friday, July 3, 2015

Teas, Teocht, Traochta

Shroicheamar Hanoi maidin inné, Déardaoin, agus ní féidir a shéanadh ach gur baineadh geit asainn láithreach leis an teas millteanach seo. Ag fágáil an aerfoirt linn ag 7 a chlog ar maidin, ba chosúil gur oigheann mór millteach í an chathair seo...agus is ar éigean go bhfuil athrú tagtha ar an imprisean sin inniu!
Inné, chuamar ar camchuairt timpeall na cathrach, ag aimsiú na suíomhanna móra turasóireachta inti. Dé ghnáth, ní bhíonn an-suim agam sa leithéid, agus is fearr liom áiteanna beaga áitiúla a aimsiú liom fhéin. Sin ráite, in áit chomh difriúil ón mbaile cosúil le Hanoi, agus leis an tuirse ag méadú théis an taisil uilig, d'oir sé dúinn cuairt a thabhairt ar theampall i lár locha sa chathair, ceann de na príomhshuíomhanna turasóireachta anseo.

Le fréamhacha na gcrann ag síleadh ó na géagacha fiú, ba léir go bhfuil nádúr na háite (agus nádúr an mhór-roinn) seo éagsúil ón mbaile. Beidh le feiceáil cén rudaí éagsúla eile a fheicfimid le linn an turais seo.

An teampall féin? Hmmmm....caithfidh mé a rá nach dtuigim céard go díreach a dhéantar iontu! Dár ndóigh is áiteanna faoi leith iad, maisithe le péint agus maisiúcháin ildaite, leis an gceann seo ach go háirithe lán le tórthaí agus bláthanna chomh maith. Cheapas ar dtús gur bréagbhláthanna a bhí iontu, ach níorbh ea. Is cosúil go bhfágtar iad i gcomhair na ndéithe, agus go nglantar amach arís is go minic iad chomh maith. Ní raibh ach turasóirí le feiceáil, áfach, agus níl a fhios agam fós cé a chuireann ansin iad, nó an bhfuil aon searmanas speisialta i gceist. Suimiúil go leor go ndéantar é in aon chaoi, áfach.

Níos déanaí sa lá, agus é dorcha cheana féin ag thart ar a 7 tráthnóna, chualamar ceol agua canadh binn ag teacht ó theampall eile, ceann níos mó suite ar shráid ghnóthach. Ag féachaint isteach, chonaiceamar an halla lán le mná ag canadh, iad ag rá paidreacha is dócha. Is suimiúil an rud é i gcónaí reiligiún daoine eile a fheiceáil, go háirithe nuair atá sé chomh difriúil ónár nósanna fhéin. Bhí sé cosúil le searmanas seachtainiúil, nó fiú laethúil, b'fhéidir, ach cá bhfios? D'éalaíomar go sciopadh go leor, le filleadh ar thorann na cathrach.

Cathair the, shuimiúil, chairdiúil, agus bhlasta í Hanoi, le bolaidh agus fuaimeanna ag teacht ó chuile cairn. Agus leosan, tagann an teas chomh maith! Ní fheilleann an teas seo d'Éireannaigh, ach feileann an chathair féin seo dúinn. Agus anocht, táimid le tosnú ar an mbia sráide....tuairisc le teacht! 

Monday, June 29, 2015

Lá amháin fágtha

Agus táimid beagnach ann! Beirt againn ag dul ag taisteal i gceann dhá lá, Dé Céadaoin beag seo. An plean ná chun taisteal ó Bhaile Átha Cliath chuig Páras, is díreach ar aghaidh thar oíche chuig Hanoi, i dtuaisceart Vítneam.

An bhfuil eagla orm? Caithfidh mé a rá go bhfuil! Cé nach rud é seo dom dul ag taisteal, ní rabhas ar laethanta saoire fada mar seo le roinnt blianta anuas. Caithfear smaoineamh ar go leor rudaí roimh ré-cúrsaí na haimsire, cúrsaí airgeadais, cúrsaí sláinte, cúrsaí éadaigh! Ach gan amhras ar bith, tá an oiread sin sceitimíní orm chun áiteanna is rudaí nua a fheiceáil agus eispéaras nua a bheith agam le dlúthchara liom. Chas mé uirthi breis is fiche blian ó shin, agus tá sé in am dúinn eispéaras nua a roinnt lena chéile.

Mar sin, leis an gcéad táibléad maláire le tógáil agam, is le gloine uisce i mo lámh, seo muid réidh. Ar aghaidh linn beirt chuig Vítneam! Cén scéalta a bheidh againn i gceann míosa? Ó, nach mbeidh le feiceáil?! Is maith an scéalaí an aimsir...