Saturday, July 11, 2015

An Dearfacht i gcoinne an Bhochtanais

Bheartaíomar dul ar strae píosaín ó ghnáthbhealach na dturasóirí anseo agus cúpla lá a chaitheamh sa bhaile darbh ainm Phong Nha-Ke Bang, nó díreach Phong Nha, mar is fearr aithne air. Bheith macánta, ní féidir a rá nach bhfuil turasóirí anseo, ach gan amhras níl an oiread sin acu, agus níl an áit seo ar eolas ag mórán turasóirí go dtí an tír go fóill.
Deich mbliana ó shin, baile beag, iargúlta a bhí ann, suite gar do chathair Dong Hoi ar chósta na tíre. Dúradh linn go bhfuair mórán bás anseo sna 90í mar gheall ar maláire, agus gurb é Phong Nha an baile ba bhoichte sa tír fiche bliain ó shin. Sa bhliain 2009, áfach, thangthas ar uaimh mór millteach sa bhaile, a chuir tús le tionscadal ollmhór turasóireachta anseo. Tugtar Son Doong ar an uaimh sin anois, an ceann is mó ar domhan. Ar dtús, níor ceadaíodh ach do thaighdeoirí dul ar thurasanna go dtí an uaimh, agus ar na cinn ollmhóra eile a aimsíodh ina dhiaidh. Le blianta beaga anuas, áfach, tugtar cead do thurasóirí eile dul ar thurasanna sa pháirc náisiúnta, ach amháin faoi stiúir theoraithe oifigiúla. Tá rialtas agus daoine na tíre go mór le moladh as ucht an riail sin a chur i bhfeidhm.
Thugamar cuairt ar an dufair mar chuid de ghrúpa de cheathrar, faoi stiúir threoraí áitiúil darbh ainm Uy ("í"). Níl amhras ann ach go bhfuil an pháirc fhéin go hálainn, áilleacht an dúlra le feiceáil i ngach áit, gan rian an bhruscair le haimsiú ach an oiread. Bhaineamar an-taitneamh as an dúshlán a bhí romhainn dreapadh sa dufair, ag aimsiú cosáin i measc crann agus aibhneacha. Mholfainn go mór cuairt a thabhairt ar an bpáirc go héinne a bheadh ag taisteal i Vítneam. 
Níos suimiúla fós domsa, áfach, ná muintir féin an bhaile seo. Agus muid ar an mbus ag teacht isteach chuig an áit ar dtús, léim an bus ó thaobh go taobh eile an bhóthair, poill mhóra sna bóithre ar feadh uaire nó mar sin de. Is ar éigean in áiteanna go raibh go leor spáis ann d'fheithiclí eile, cé go raibh an bóthar gnóthach go leor le daoine ag filleadh abhaile théis lá oibre. Go díreach, ba léir gur áit bheag tuaithe a bhí anseo, gan an aird chéanna tugtha di ó thaobh an bhonneagair nó na hinfheistíochta de is atá le feiceáil sna cathracha móra.
Níl an rud céanna le feiceáil i measc na ndaoine anseo, áfach. Cinnte, mar atá i go leor áiteanna i Vítneam, tá botháin adhmaid le feiceáil mar thithe, cuma sean is caite orthu. In ainneoin sin, áfach, ardú meanman a bhí ann an oiread sin tógála a fheiceáil anseo. Is minic a fheictear fir amuigh ag tógáil tí anseo, iad déanta as adhmad nó as brící. Chomh maith leis sin, is léir go bhfuil go leor tithe nua-thógtha sa cheantar seo fosta, níos minice ná a mhalairt iad maisithe le péint gheal agus plandaí órnáideacha.
Bheifí buartha ar shlí go mbeadh an áit seo millte ag an turasóireacht agus ag an airgead nua seo i gceann deich mbliana nó mar sin de. Tuigim sin. Ach in ionad sin, feicim anseo daoine dearfacha, nua-aimseartha, dóchasacha agus fiontraíocha, nach bhfuil fonn orthu fanacht ag smaoineamh siar ar dhrochbhlianta an bhochtanais tar éis an chogaidh mhillteannaigh. In ainneoin an easpa oideachais atá ag roinnt daoine fásta anseo (tá go leor daoine sna 20í agus sna 30í anois gan oideachas ollscoile faighte acu mar gheall ar easpa airgid, a mhínigh Uy,-a cheannaigh foclóir Béarla agus a mhúin an teanga dó fhéin-agus go leor níos sine gan oideachas níos bunúsaí.), tá fonn ar na daoine anseo dul chun cinn a dhéanamh sa saol agus saol níos fearr a chruthú dóibh fhéin agus dá bpáistí. Ag ól beorach agus ag ithe dinnéir anocht le teaghlach áitiúil sa teach álainn nua-thógtha acu, bhí sé sin soiléir. Athróidh nósanna saoil go pointe anseo, ach fanfaidh an teaghlach anseo i Phong Nha fosta. Fanfaidh beocht sa cheantar, agus tiocfaidh tuilleadh dá bharr. Tá an-fonn ormsa teacht ar ais amach anseo agus é sin a fheiceáil.  Le go leor fáthanna againn sa lá atá inniu ann a bheith diúltach, is eiseamláir den chéad scoth é pobal Phong Nha dúinn díriú i gcónaí ar dhul chun cinn agus ar an todhchaí. Molaim go mór iad.

No comments:

Post a Comment