Thursday, July 16, 2015

Tuiscint ar an gCogadh

Caithfidh mé a admháil, sara tháinig mé go Vítneam ní raibh mórán ar eolas agam faoi stair na tíre. Cinnte, bhí a fhios agam go raibh cogadh ollmhór anseo idir Thuaisceart Vítneam, agus na Stáit Aontaithe agus Deisceart Vítneam, agus gur chaill na Meiriceánaigh, ach seachas sin níor thuig mé mórán de scéal an chogaidh.
Maith dhom an t-aineolas. I ndáiríre, ní tír í seo a bhfuil cuma an chogaidh nó na fulaingthe uirthi. Anseo sa chathair Ho Chi Min (nó Saigon mar a tugadh uirthi cheana, agus mar a thugtar uirthi go neamhfhoirmiúil go fóill) tá cuma nua-aimseartha ar na daoine agus ar na foirgnimh araon. Is cathair í seo le rian na hEorpa uirthi ar shlí, i bhfad níos cosúla le cathracha na hEorpa ná atá Hanoi, mar shampla.
Ní fhéadfainn teacht anseo, áfach, gan iarracht a dhéanamh tuiscint níos doimhne a fháil ar an gCogadh Meiriceánach, mar a thugtar air anseo. Ghlac gaolta liom páirt in agóid ina choinne i Londain sna seascaidí nó sna seachtóidí. Tuigim mar sin go raibh an cogadh seo go mór i mbéal an phobail sa bhaile ag an am, agus go raibh tionchar ag an gcogadh seo ar mheon na glúine níos sine ná mé, mar sin, agus, dár ndóigh, ar pholaitíocht an lae inniu go hidirnáisiúnta.
Suite i lár na cathrach i Ho Chi Min tá Iarsmalann an Chogaidh, áit a bhfuil grianghraif, iarsmaí agus eolas ar fáil inti faoin gcogadh. Taobh amuigh, feictear gunnaí ollmhóra a d'úsáid airm Mheiriceá san fheachtas míleata i gcoinne an Viet Cong, airm thuaisceart na tíre. Taobh istigh, i measc neart eile, tá grianghraif agus cur síos ann ar ionsaí éagsúla a rinne na Stáit Aontaithe ar an tír, go háirithe ar na cinn ina maraíodh cosmhuintir na tíre in ionad an Viet Cong. Gan tuiscint dhomhain agam ar stair an chogaidh i ndáiríre, ní féidir liom breithiúnas a thabhairt ar an bpolaitíocht a bhain leis. Fós fhéin, is féidir liom a rá céard atá ceart nó mícheart, céard atá mórálta nó mímhórálta. Grianghraif de shaighdiúirí le greim acu ar phíosaí beaga de choirp, grianghraif de choirp pháistí agus bhan i lár páirce, an séarach féin ina chuaigh triúr páistí óga i bhfolach ó shaighdiúirí Meiriceánacha sara thangthas orthu agus a maraíodh iad. Iarsmaí déistineacha agus gránna atá iontu, a léiríonn an chuid is measa de phearsanacht an duine-fuath a léiriú agus cumhacht agus foréigean a úsáid i gcoinne daoine eile.
Bolscaireacht go pointe atá anseo, dár ndóigh, agus ní thugtar cur síos ar bith ar bheartaíocht treallchogaíochta an Viet Cong in aghaidh na Meiriceánach sa chogadh, ina maraíodh beagnach 60,000 saighdiúirí Meiriceánacha. Fianaise atá anseo freisin, áfach, ar thórthaí gránna, déistineacha an chogaidh ar an ngnáthdhuine.
Ná ligimis a bheith dall nó bodhar d'imeachtaí an lae inniu, ag ceapadh nach bhfuil a leithéid ag tarlú go fóill. Má tá an gnáthdhuine ag fulaingt de bharr fuath agus cumhacht rialtais nó airme, tá dualgas orainn uilig an scéal a fhiosrú, a thabhairt chun solais, agus a stopadh.
Ní féidir míniú a thabhairt ar cén fáth a d'fhulaing na daoine seo ach go bhfuilimidne slán sábháilte in Éirinn sa lá atá inniu ann. Ní féidir an t-ádh sin a thuiscint. Is féidir, áfach, obair i gcónaí chun cearta daonna a chosaint, agus chun a leithéid d'fhulaingthe a sheachaint amach anseo. Tá dualgaisí orainn uilig a bheith feasach agus gníomhach maidir le feachtais tubaisteacha a tharlaíonn ar domhan. Ná ligimis do chogadh eile cosúil leis an gCogadh Meiriceánach a bheith ann riamh arís.

No comments:

Post a Comment